Debating - Coláiste Rís

Search
Go to content

Main menu:

Extra Curricular
Debating

A chathaoirligh, a mholtóirí agus a dhaoine uaisle ……. 

Ó cuireadh tús le comórtais díospóireachta Ghael Linn sa bhliain 1959 tá áit lárnach gnóthaithe ag Coláiste Rís (nó Scoil na mBráithre Críostaí, Dún Dealgan mar a thugtaí ar an scoil go dtí deireadh na nóchtóidí) i scéal an chomórtais. Sular athraíodh structúr na gcomórtas thart fá cúig bhliain déag ó shin ba mhinic a bhuaigh an scoil Craobh Laighean. Agus ins na blianta sin nuair nár éirigh linn Craobh Uile-Éireann a bhuachaint is minic a bhuaigh cainteoirí na scoile an duais aonair, ina measc Seosamh Ó hAdhmaill atá ina Ardrúnaí ar Roinn Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta agus an cairdeolaí clúiteach an Dochtúir Aodh Mac Canna. Proinsias Ó Cuanaigh a bhí ina stiúrthóir ar na fóirne ins na laethanta sin. Ba mhór an obair a rinne Éamonn Ó hUallacháin agus Peadar Ó Dufaigh síos tríd na blianta. Tá Craobh na hÉireann buaite trí huaire ag an scoil le deich mbliain anuas agus tá Craobh na hÉireann sroichte aici le seacht mbliain anuas. Is é Seán Ó Coigligh atá i mbun na hoibre seo i láthair na huaire. 
Coláiste Rís is justifiably proud of its record of achievements in the area of Irish debating, having appeared in the All-Ireland Finals of Comórtas Díospóireachta Uí Chadhain, the national debating competition organised by Gael Linn for schools that teach through the medium of Irish, for the last seven years. This extra-curricular activity lies at the very heart of the Gaelic ethos that has defined the school since its foundation in 1869. And while the Gael Linn competitions are in existence since 1959 the school enjoys a national reputation as being one of the finest and fiercest proponents of the art of Irish debating in Ireland.

The communication and presentation skills along with enhanced self-confidence acquired by the students who participate in this discipline have a lifelong importance. It is no accident that many of those students who were members of the debating teams pursue careers in law, medicine and teaching. It is an area of student life that is very actively supported by staff and students and a source of great pride to the school.

Mol an óige agus tiocfaidh sí!


Latest News on Irish Debating: An Bua ga Colaiste Rís i gCraobh na hÉireann 2014.
 

Faoi mar a tharla dhá bhliain ó shin thóg foireann díospóireachta sinsearaigh Choláiste Rís Corn Gael Linn leo abahile ó Choláiste na Tríonóide ag deireadh mhí Eanáir 2014 nuair a d’éirigh le cainteoirí na scoile Craobh na hÉireann i gComórtas Díospóireachta Uí Chadhain a bhaint. B’é seo a dara huair laistigh de trí bhliain ar éirigh leis an scoil craobh na sinsear a bhuachaint, agus an t-aonú bhliain déag as a céile don scoil a bheith páirteach sa bhabhta ceannais ó chuir Gael Linn an comórtas ar bun sa bhliain 2004.
B’iad Mícheál (captaen) agus Neasán Mac Suibhne agus Bearnard Ó Thoirealaigh na cainteoirí a labhair go láidir in éadan an rúin, ‘go bhfuil géarghá le pairtí polaitiúil nua i bPoblacht na hÉireann’. Fuair Coláiste Rís an lámh in uachtar ar Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Ceathrú Rua, Pobalscoil Fheichín, Corr na Móna and Coláiste Eoin, Baile Átha Claith. Díospóireacht den scoth a bhí inti, a bhí in amanna fíochmhar, mar a bheifí ag súil leis i gCraobh Éireann.
Iarscoláirí is ea an triúir seo ar Scoil Rois, Carraig Mhachaire Rois. Bhronn an t-iaraire Rialtais, Máire Ní Ainmhín, an corn orthu agus mhol sí cainteoirí Choláiste Rís go hard. Dár ndóigh bhí breis agus céad dá gcomhleacaithe i láthair chun ceiliúradh a dhéanamh nuair a fógraíodh toradh na moltóirí.
Tá Craobh na hÉireann buaite anois ag gach uile Suibhneach a d’fhreastal ar Choláiste Rís. Thosaigh Éanna an nós seo sa bhliain 2004 agus lean Aonghus é i 2006. Bhuaigh Caoimhe a craobh sa bhliain 2012 agus anois tá an gradam is airde i gcúrsaí díospóireachta Gaeilge buaite ag an chúpla, Mícheál agus Neasán.

January 31 was a red-letter day in the current academic year as our school’s senior debating team won the All-Ireland senior Irish debating title in Trinity College, Dublin. Mícheál and Neasán Mac Suibhne and Bearnard Ó Thoirealaigh brought home Corn Ghael Linn for the second time in three years after a bruising final against Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Ceathrú Rua, Pobalscoil Fheichín, Corr na Móna and Coláiste Eoin, Booterstown, Dublin. Over one hundred of our students travelled to Dublin for the event and gave fantastic support to our lads. This latest success cements our school’s reputation as being one of the strongest schools in the country for Irish debating. 

Maith sibh a bhuachaillí. Táimid bródúil asaibh.
 
Back to content | Back to main menu