Seachtain Na Gaeilge i gColáiste Rís

0

Bhí seachtain na Gaeilge faoi lánseoil inniu i gColáiste Rís. Tháinig 58 páiste ar cuairt chugainn ó Bhunscoil na mBraithre Críostaí áit ina bhfuair siad bláiseadh de chultúr, teanga agus oidhreacht na tíre. Shuí said go foighneach agus iad faoi gheasa ag éisteacht le finscéalaíocht agus chan siad amhráin i nGaeilge. Bhí craic agus cuideachta ar dóigh againn ag damhsa leis an damhsóir is fearr sa domhan Elliott Kwelele. Neart eile  ar siúl idir seo agus an Aoine, coinnigí súil!